About Me

My photo
I am Miss Pancake Taylor. I have come from very far away to take care of my family Craig and Zita and Niamh and Emmet. Sometimes I have helpers; my friends the Blackthorn-Badgers. They are very old Scotsmen. I am very glad to meet you.

Monday, 15 July 2013

Cailín deás crúidhte na mbó

Tá bliain nú níos mó 'gram ag eisteacht,
Le cogar doilghéasach mo mhéoinn,
Ó casadh liom grádh geal mo chléibhe,
Tráthnóna breágh gréinne sa bhfoghmhar
Bhí an bhóbhainne chumhrtha ag géimnigh
A's na héanlaith go meidhreach le ceól,
A's ar bhruch an tsrotháin ar leathtaobh díom
Bhí cailín deás crúidhte na mbó.

Tá asúile mar lonnradh na gréine
Ag scaipeadh tré spéarthaibh an cheoigh.
'S is deirge a gruadh 'ná na caora
Ar lasadh 'measg craobha na gcnó:
Tá a béilin nios milse 'na sméara,
'S is gile 'ná leamhnacht a snódh:
Ní 'l óigbhean níos deise' san tsaoghal seo
'Ná cailín deás crúidhte na mbó.

Dá bhfaghainn-se árd-thighearnas na hÉireann
Agus éideacha síoda 'gus sróil:
Dá bhfaghainn-se an bhainríoghan is aeirde
Dá bhfuil ar an dtalaimh so beó:
Dá bhfaghainn-se céad loingeas mar spré dham
Pioláití, caisleáin, agus or,
Do b'fearr liom bheith bocht ar druim sléibhe
Le cailín deas crúidhte na mbó

No comments:

Post a Comment