Cumha Eoghan Ruaidh Uí Néill
(Lament For Owen Roe O'Neill)
Mar táid a Dhé na Gaedhil gan treóir is truagh!
Síol ádhmhar Néill, síol Éibhir mhóir i dtuaidh.
Síol Táil go tréith, sliocht Shéarlais chródha i nguais,
Gan cháil, gan chéim, ó'n éag sin Eógain Ruaidh.
I dtáimhcheas léir tá Éire ó bhóinn go Muaidh.
Ó Árdloch Léin go Daeil, go Feóir 'sgo buais.
Ó Mháigh go Léim, Ón Éirne fóst go Cruaich,
Gan lann, gan scéith, ó'n éag sin Eógain Ruaidh.
Is láidir a shéideas gaoth gach ló do thuaidh;
Is d'fhás ar léas na ghréine neóil go nuadh;
Is árd do ghéis gach spéir le dóghra cruaidh,
'Sní lán an éasg' ó'n éag sin Eógain Ruaidh.
Faoi chlár i gcré tá féile Fódla uainn.
Bláth na nGaedheal is éasga óir an tsluaigh.
Lámh na n-éacht nár chlaon ón chóir ar luach.
Is d'fhág Éire i mbaoghal fé léan ó'n lá do chuaidh.

No comments:
Post a Comment